Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 258
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Fhocla(1) Bean gan leithsgéal bean gan leanbh.
(2) Is olc an chearc nach scríobfaidh dithe féin.
(3) Má bhíonn sé ibhfad ag cur, beidh sé ibhfad ina thuradh.
(4) Mar gcuirfidh tú ní bhainfidh tú.
(5) Codladh maidne go h-eadradh nach deárn ariamh gníomh.
(6) Is fada an bothar gan corradh.
(7) Is feárr éan sa láimh ná beirt sa chraobh.
(8) Is binn béal ina tost.
(9) Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
(10) Ní h-iad na fir mhóra a bhaineann an foghmhar.
(11) Dearbhrathair den t-sac an mála.
(12) Ní fhanann an mhuir le fear sotal.
(13) Is teann madadh ag na dhoras féin.
(14) Sé an síon abhí ind'aghaidh d'fhág d'ordóig ar an talamh.
(15) Sgilling in do phóca an fear muinnteardha is feárr.
(16) Na caith amach an t-uisge salach go dtigidh an t-uisge glan isteach.
(17) Ní chruinnigheann muid an t-uisge go dtéigheann (?) an tobar tirim.
(18) Is feárr turas ar fud na tíre nó seal fada ar leic na teineadh.
(19) Cáin focal no dhó, mur dtaraidh leat tar leó.(leanann ar an chéad leathanach eile)