Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dorais seo, agus d'imthigh sí agus d'innis dó'n Rígh e. Bhí athair an ghadaidh ag obair ag an Rígh agus chuir sé sgeula fa dhéin an athara. Dubhairt se leis gur chuala sé goidé an obair a bhí ag a mhac agus go raibh se ag gabhail a chur fiachailt air, go gcaithfeadh se an stail a bhí ins an stábla a thabhairt leis gan fhios dó'n bheirt fhear a bhí 'a choimhead. D'innis an t-athair seo dó mhac nuair a chuaidh sé na bhaile, "Ó, níl moill sin a dheanamh" ars'a mac. D'imthigh sé go dtí an áit agus luigh sé ar an charn-aoiligh agus leig air féin go raibh se ar meisge. Bhi buideal uisge bheatha i na phóca, tharraing amach é agus chuir i gcéill go raibh se 'á ól. Thuit sé 'na chodladh annsin mar bhfior dó. Bhí an bheirt a bhí 'sa stábla ghá choimead agus dubhairt gur chóir doibh a gabháil agus an buideal a baint de. Chuaidh agus fuair siad an buideal. agus thug leo isteach na stábla é. D'ól siad a sáith agus nuair a bhí an buideal ólta aca thuit siad thart 'na gcodladh.
Nuair a mheas an gadaidh iad a bheith cragtha thart ag an bhuideal, d'éirigh sé agus isteach na stábla leis agus thug leis an stail. Nuair a mhusgail an bheirt idir sin agus maidin ní raibh stail ar bith le feiceáil aca ins an stábla.
Ar a ghabhail dó'n áthair chuig a chuid oibre(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Earcain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Donegal