Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Má bhíonn séideadh anuas ins an t-seimleór tá an ghaoth ag dul a árthach.
Nuair a bíos deargladh sa'n spéir deirtear gur sin comhartha soinnine.
Má bhíonn an ghealach 'na luighe ar cúl a cinn agus an t-sean ghealach ina béal léithe, sin comhartha doinnine.
Má bhíonn cosa ar an ghréin, béidh sé ag báistighe roimh an oidhche.
Má bhíonn sé ag cur agus an ghrian ag soillsiughadh is fada go ndéanfhaidh sé tuireadh.
Má bhíonn an ghrian dearg ag dul a luighe sin comhartha soininne.
Má théid na géacha fiadhaine 'un na sléibhte sin comhartha doinnine, ach má théid siad 'un na fairrge sin comhartha soinnine.
Má bhíonn na h-éanacha ag éiteall go h-íseal sin comhartha feartanna.
má theid an chorr-mhónadh suas na h-aibhneacha sin comhartha boglaigh ach má théid sí síos na h-aibhneacha sin comhartha aimsir mhaith.
Nuair a théid na lachain ar eiteóig sin comhartha gaoithe.
Nuair a bíos an madadh ag ithe féir sin comhartha boglaigh. Nuair a bíos an cat 'na shuidhe agus a dhruim leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)