Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an oiléan agus de réir an t-seanchuis " Bó Fhionn a bhí inntí- a cuireadh fá gheasáibh, Sin mar baisteadh Inis-Bo-Finne ar an oiléan.
- Fothracha na h-áiteAr Oileán Dúbhtaigh eadar Toraigh agus an tír mór tá fóthracha an teampaill a bhí ag Naomh Dúbhthach, agus an roilig lé feicheáil ann indiú.
Taobh thuas de'n Fhalcarrach, giota, tá roilig Thulach-Átha-Beigbhile, agus istigh ann a lár tá sean bhallaí an teampaill a chuir Naomh Beigbille ar bun. Tá an tulach ar a bfuil an roilig agus an teampall in aice áth na h-abhna agus is dóiche gur sin mar thainic an t-ainm Tulach-Átha- Beigbhille.Soir ón Fálcarrach tuairim dhá mhíle go leith tá ráth Fíonáin acht níl lé feiceáil indiú ann acht ballógaí an teampaill ghállda a tógadh in ionad an cheann a bhí ag Fíonán annseo go dtí aimsir na géir-leanamhainte. Seo an áit a bfuil cros mhór Colmcille.Tá dúbhsraigh sean chaisleáin ag an bábhdhun i mbéal an Easa in aice an Fhálcarraigh agus deir seanchus na háite gur leis na baoigheallaigh an lá a mhair siad, an caisleán a bhí ann.