Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 26
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí lánamhain ann in am amháin rí as an domhan toir agus banrioghain as an domhan thiar. Bhí triúr ingheanach aca.”
Sean-sgéálBhí lánamhain ann in am amháin rí as an domhan toir agus banrioghain as an domhan thiar. Bhí tirúr ingheanacha aca, Bhí tobar draoigheachta ag taoibh an toigh seo agus nídh ar bith a d'iarrfá gheobhtha é lá amhain d'iarr an inghean a bá sine an gaisgidheach a b'fearr san domhan thoir le pósadh Fuair sí sin. Chuiaidh an dara inghean amach agus d'iarr sí an gaisgidheach a b'feárr sn domhan thior le pósadh. Fuair sí sin, Chuaidh a treas bean amach agus d'iarr sí tarbhán donn na tráigha míne le pósadh fuair sí sin.
Bhí an triúr fear seo faoi gheasa, Bhí an tarbhán donn 'na tharbh ins an lá agus 'na fhear bhreagh san oidhche. Nuair a bhí siad seal tamaill pósta thug an rí cuireadh chuig féasta daobhtha. Nuair a thainig siad go dtí an teach cuireadh an tarbh donn isteach i mboitheach. Nuair a bhí am luighe ann leigeadh isteach é agus chuaidh sé isteach ag na bhean fhein. I lár na h-oidhche d'éirigh bean an toighe go bhfeicfeadh sí cé leis a bhí an tarbhán donn cosamhail leis ach ní tarbh a bhí ann ach fear deas óg doigheamhail. D'amharc sí i gcuid leabacha na beirte eile agus bhí adharcan muice agus coilean 'na luigh aca. Bhí croiceann an tairbh ar an tabla agus smaointigh sí dá ndóighfeadh sí é go mbéadh an tarbhán donn 'na fhear i gcomhnuidhe. Bá mhaith an mhaise do-san é. D'éirigh sé le léim agus bhain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Mac Gabhna
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Bríghid Bean Mhic Eachmharcaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal