Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (uimhir rolla 10842)
- Suíomh:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Múinteoir: Róisín, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl aon teintean mar do theinteann féin.
Is minic a bhris béal duine a shrón.
Ní dheanfaidh an saoghal capall rása de ásal.
Na cuir ualach trom ar asal lág.
Troid bó maol béidh sí gan baoghal.
Is glas iad na cnuic i bhfad uainn.
Snaithe fada an táileara fhallsa.
Bean tinnceara agus bean táileara beirt nach réidhtigheann le chéile.
Is fearr uaigneas maith nó droch chuideachta.
Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb.
Is minic a d'fhás crann bréagh ar talamh lom.
Éist le fuaim na h-abhainne agus geobhaidh tú breac.
Nuair a bhíos an fíon istigh bíonn an ciall amuigh.
Is fearr éan amhain i do lamh na dhá éan ar an tom.
Cuir síoda ar ghabhar is gabhar i gcomhnuide é.
Sguabann an sguab úr go glan.
Ná caith amach an t-uisge salach go mbéidh an t-uisge glan istigh.
Is maith súibh bó beó na marbh.
Is fearr greim amhain de chuinín ná dhá greim de cat.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Churráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Churráin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Donegal