School: Más an Easa (C.) (roll number 14776)
- Location:
- Masiness, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Cholchuin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Más an Easa (C.)
- XML Page 212
- XML “Cú Chulainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí bachlach 'sa tír seo a dtug siad na Fianna ortha, agus bhí fear aca a dtug siad Cuchulainn air.
Bhí sé fhéin agus diulach mór eile a bhí ann i gcomhnuidhe ag aighneas le chéile ciaca gheobhadh maighstreas Sméara na gCrann nuair a gheobhadh an ceannphort bás.
Dubhairt Cúchulainn leis lá amháin nach rabh rud ar bith a b'fhearr dobhtha na dul chuig an cheannphort agus fiadruigh do ciaaca dtabharfadh sé do é. Chuaidh agus d'innis sé dóbhtha go dtabharfadh sé do'n duine fiughantach agus sé an dóigh a réachfar sibh.
"Tá peist ins an loch sin thíos, gabh fear agaibh síos anocht agus throidfeadh sé léithí agus an fear eile ins an oidhche i mbárach agus sé é féin a bhí le bheith ann 'na phéist acht chá rabh a fhios aca sin.
Chuaidh an fear mór síos an chéad oidhche agus d'fhan sé ar chladach an locha go bhfaca sé an péist ag nochtadh, agus i n-áit a dul síós an cladaigh sé an rud a d'fholaigh sé gur ghlan an lá. D'imthigh sé annsin agus shaluigh sé é féin ins an uisge agus ins an t-salachar le taisbeaint do'n cheannphort go(continues on next page)- Informant
- Séamus Ua Fearadhaigh
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Creeslough, Co. Donegal