Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 180
- XML “An Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar an seachtmadh lá de Dheireadh Fóghmhair ins an bhliadhain 1839 tharluigh an doineann a ba mhó adeir na seandaoine a tharluigh roimhe sin nó ó shoin. Bhí an fhairrge iongantacht garbh agus fosta bhí sé iongantach dubh. Briseadh suas le sgór bádaí móra a bhí ina luighe annseo agus annsiud fá'n chladaigh. Ar maidin le bánughadh an lae lá thar na bhárach nuair a chuaidh na h-iasgairí síos go dtí an chladach fuair siad a gcuid bádaí ina luighe annseo agus annsiud thart ar an chladach agus iad uilig briste ina mhion ghíotaí. An oidhche cheadna sin bhí trí curraigh amuigh s'an fhairrge agus nuair a chonnaic na fir thart f'an chladach na curraigh amuigh fuair siad dhá bhád agus chuaidh dhá chloigeann déag fear amach leis na curraigh a thabhairt i dtír. Níor luaithe a bhí siad amuigh na thoisigh na tonnracha ag bualadh in éadan na mbádaí agus nuair shroich siad beirt de na curraigh chuaidh triúr fear iarracht in gach bád agus níor luaithe a bhí siad istoigh ins na bádaí na d'éirigh na tonntracha an airde o's cionn na gcurraigh agus i ndiaidh am fada ag streacháilt fríd na tonntracha. Bhí na fir iongantacht lag agus b'éigean dobhtha tabhairt suas agus báitheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Gráinne Ní Ghallcobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Gallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Donegal