Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)255Padraig Úí Gallcobair,
Doire Casain,
Na Dúnaíb.Tá an fear seo 62 bliadain dó aois. Fuair sé an scéal sin ó na máthair nuair a bí sé óg. Fuaras an scéal sa'n bliadain. - Níl tobar beannuithe ar bith ins an pharaiste seo acht tá ceann i bparaiste an Tearmann agus is é Tobar an Dúin an t-ainm atá air. Téigheann daoine as an áit seo go dtí an tobar sin go minic. Téidheann na daoine go dtí an tobar sin gach lá agus fanann said annsin rith lae ag guidhe. Sul a dtéigheann na daoine isteach ins an pháirc dóbhta agus sula a bfágann siad an tobar caitheann siad airgead a fháhail ag an tobar. Caitheann gach duine a theigheann go dtí an tobar trí bholgam uisge a ól agus fosta caitheann sé a chuid cosa a nighe leis an uisge. Léighistear cuid mhór daoine ag Tobar an Dúin. Uair amháín chuiadh fear go dtí an tobar agus bhí trasain leis agus d'fhan sé annsin trí lá agus nuair a bhí sé ag imtheacht d'fhág sé a chuid trasnain na dhiaidh. Níl iasg de sheórt ar bith ins an tobar sin. Téigheann daoine a mbíonn a gcuid sgiathan nimhneach go dtí an tobar sin gach bliadhain agus fágann siad airgead annsin agus annsin gheibheann siad biseach. Nuair a bhíonn daoine as an áit(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Padraig Ó Buadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó hOireachtaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Donegal