School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
![The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 479](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1091%2FCBES_1091_479.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 479
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 479
- XML “Scéal fán Mhadadh Rua”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)léim an madadh ruadh uirthí. Annsin léim an chearc suas ar an cúpla. Annsin smaoitigh sé ar chleas eile. Chuir sé a ruball isteach ina bhéal agus thoisigh sé ag teacht thart agus thart agus thart go dtí gur thuit sí anuas. Annsin chuir an madadh rudah isteach sat sac í agus ar shiubhal leis mar an ghaoth. Lá bréagh té samhraidh a bhí agus nuair a tháinig sé fhad le bun an chnuic luigh sé síos le na sgíste a dheanamh.
Ní rabh sé na luighe i bhfad gur thoisigh an sanfadh. Nuair a chualaidh an chearc é thug sí amach a sgian a bhí ina phoca agus ghéarr sí poll mór ann. Annsin chuaidh sí amach agus fuair sí cloch mhór agus chuir sí isteach sa tsach é. Annsin d’fhuighil sí an tsach aríst, annsin thug sí a aghaidh ar an Bhaile. Nuair a mhuscal sé thug sé a aghaidh ar an bhaile aríst. Nuair a bhí sé ag teacht cograch don teach bhí an mháthair na sheasamh ag an doras agus sgairt sí amach. “An bhfuil sí leat.” “Tá” ar seisean, agus nuair a tháinig sí isteach bhí póta mór uisce thíos aicí annsin tháinig sí aníós agus fuair an bheirt aca greim ar an tsac agus chaith isteach sa phota é, ach caidé bhí ann, ach cloch mhór agus tháinig an t-uisce galach ortha agus doghadh na smaol iad agus char mhothuigh a cionn leis an chéarc mhór bháin ariamh na dhiaidh sin.- Collector
- Maighréad Nig Reannacháin
- Gender
- Female
- Address
- Gort na Trá, Co. Donegal
- Informant
- Máire Bean Nig Reannacháin
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Gort na Trá, Co. Donegal