Scoil: Caiseal (2)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Donegal
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1092, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1092, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “Mar a Tháinig na Sióga go Cnoc Bhaile Thaobh Rúsgaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fad ó shoin nuair a bhí an droch am in Éirinn bhítear a’ léigheamh an Aifrinn ar chnoc Bhaile Thaobh Rúsgaidh. Fuair siad leo tamall maith lá amháin nuair a bhí an sagart a’ léigheamh an Aifrinn tháinig trí Sheon arbh ainm dóibh Seon Cuinicam, Seon Sproul agus Seon Delap. Tháinig siad ar mhullach an chuic os cionn an sgalaí a raibh siad a’ léigheamh an Aifrinn ann. D’orduigh siad do’ na gcuid fear dul thart ar gach taobh dén chnoc agus gan duine ar bith a leigean ar shuibhal gan é a mharbhadh. Chuir siad an pobal an oiread sin fríd a chéile gur thuit a leath i laige le neart eagla. Thoirgh na trí Seon gur mharbhuigh siad bunadhas a raibh i láthair. Nuair a chonnaic an méid dén phobal a bhí fágtha nach raibh ann ach truír, bhí fhios aca annsin gur ag imirt tip ortha a bhí siad a’ rádh leis na fir a bhí leo an pobal a ghárdáil. Chonnaic siad nach raibh an dhuine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brian Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tulaigh na Dála, Co. Donegal
    Bailitheoir
    Domhnaill Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    16
    Seoladh
    An Seanbhaile, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Siadhail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    77
    Seoladh
    Baile Uí Fhuaruisce, Co. Donegal