School: Leitir Sean-Bhoth (roll number 12900)

Location:
Lettershanbo, Co. Donegal
Teacher:
S. Ó Ferraigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 065

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 065

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir Sean-Bhoth
  2. XML Page 065
  3. XML “Tobar na nAingeal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair cuireadh sgaibeadh ar bhráithre Dhún na nGall fadó shoin bhí ortha na sléibhte, na cnuic agus gleanntáín iargcúlta thabhairt ortha féín. Thug cuid aca Gleann Fhinne mar áit fotacha ortha féín agus ó sin siar go Gleann Domhain agus ó dheas go Bealach Sean Aoidh.
    Uair amháin dá raibh fear aca ar a theicheadh thug sé a aghaidh an bealach seo agus na saighdiúirí dearga 'sná sálaibh aige. Chuir sé achan chorr agus lúib air féín le fághail glan-sgartha uatha ach sin a raibh aige ar a shon nó bhí na saighdiúirí ceádna clúiteach mar choisithe sléíbhe. Go díreach agus iad fá fhaid sgiathaín dó chuir sé corr an ghearrfiadh ortha thall annseo ag an Tóin Dhuibh agus ghlac sé dídean tobair air feín ar áít a bhfuil an tobar sin ar a bhfuil mé ag cur síos. Ach "níor chríonna an cú ná'n choimheádaidhe" mar adeir an sean-fhocal, nó seo aige iad. Go díreach agus iad ag gabhail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    S. Ó Fearraigh
    Gender
    Male
    Informant
    Séamus 'Ac Cumhaill
    Gender
    Male