Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 009
  3. XML “Tobar na nAingeal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo tobar beannuighthe atá i gceanntar de Pharoiste an Chill Taobhoige ar a dtugtar an Tóin-Dubh. Níl na daoine ar aon intinn fa mar fuair sé an t-ainm acht seo sgeal amhain fá dtaoibh de:-
    Bhíodh Manaigh ag dhul ó Leitir Ceanainn go Dún na nGáll ins an t-sean am. Ní rabh bealaigh mora ar bith ann 'san am acht thigeadh siad trasna(?) na gcnoc.
    Bhí na saighdiúirí dearga ins an tír 'san am agus lá amháin a bhí sagart ag teacht ó Leitir Ceanainn leis féin agus chrom sé ag an tobar seo le deoch a ól. Shuidh sé annsin ag deanamh a sgrístghe agus nuair a d'amharc sé suas bhí na saighdiúirí dearga ar an árdan(?) o's a cheann.
    Thug an sagart amach a (?)abín agus thoisigh sé ag urnuighe. Ní thiocfadh leis na saighdiúirí aon dadaidh a fheicealt ann ach cuid mhór Aingil thart fa'n tobar. Bhuail eagla na saighdiúirí agus d'imthigh siad. Shiubhail an t-sagart leis annsin agus ní thainic aon dadaidh ar níos mo.
    Choisreag an t-sagart an tobar agus tá muinghín mhór ag na daoine as ó shoin. Léigheasadh cuid mhór daoine ann agus "Lá Bealtaine" achan bhliadhain bíonn turas go dtí an tobar agus thig na sluaighte daoine ann as gach ceárn de'n chonndae. Bhí fear beo i dteach ag taobh an tobair, duine sannta a bhí ann agus shíl
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Bhaoghaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Seoladh
    Cloghan, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Pádraic Mac Meanmain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    An Bhinn Dubh, Co. Donegal