Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 032

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 032
  3. XML “Seanleigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fad o shoin bhí níos mo suim ag na daoine ins na léasannaí no tá aca ins an am fa lathair. Bhí órthaí acu agus seo cuid de na léigheasannaí a leanas: Fa choinne fannaí: Da gcasfha ar thorramh agus rud beag diosta a thógailt d'en bhealach mhór agus trí coisceim na trócaire a glacaint agus an diosta a choimilt ins an áit a rabh na fannaí ort go bhfuighea biseach.
    Seo léigheas eile: Da dtiocfha ar charraig i sruthan no ins an abhainn agus uisge ann, gan áit ar bith aige dul amach no theacht isteach agus uisge fa daobh de agus é a choimilt air deirtear go n-imtheochadh siad.
    Seo léigheas fa choinne sleamhnáin: Naoí ndealg spinneogaí a fhághail agus iad a chur roimhe an t-súl, ceann in'dhiaidh an chinn eile agus nuair a bhéadh sin deanta agat go mbéadh an tsúil ag bisiughadh. Tá an léigheas sin ag na daoine go fóill.
    Seo léigheas fa choinne an triuch: An páiste a chur go dtí bean a mbeadh a sloinne an sloinne ceadna indhiaidh a posta agus iarraidh fa choinne rud éigin a dtiocfhadh leat ithe, mar giota aráin. Seo léigheas eile: Da dtabhaireadh do chuid cáirdeis Críost rud éigin duit a dtiocfhadh leat a chatadh agus é a cathadh cómh luath agus a gheobtha é go mbéadh biseach ort ar an bhomaite.
    Seo léigheas eile fa choinne fannaí: Innse do dhuine eile ins an cheanntar a rabh fhios aige ar cuid mhaith
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraic Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    11
    Seoladh
    An Coimín, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó hEarcain
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ailt an tSneachta, Co. Donegal