Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 076
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Phaidir agus trí Abhé Maria fá choinne do inntin fhéin agus ar an taobh eile deirtear an rud ceudna fa choinne an sagart a choisreag an tobar agus a d'fág miorbhailte ann.
Ag an tobar bheag deirtear na paidreacha ceudhna agus le na gcois trí Abhe Maria ionnus go gcuideochaidh na hAingle leat an turus a dheánamh ar dóigh.
Téigheann tú thart an turus seacht n-uaire ag rádh deichneabhar de'n Phaidrín achan uair ionnus go gcuideochaidh na hAingle leat. Seacht ndeichneabhair de'n phaidrín agus Cré a rádh.
Tá seacht gclocha móra ann agus caithfidh tú thú féin a choisreacadh le gach ceann aca agus iad a chuir thart fa do chroidhe do cheann agus do choim in ainm an Athair agus an Mhic agus an Spiorad Naomh.
Sul a dtógtar an t-uisge as na toibreacha cuirtear deór bheag ar chlár do éadan ar do chroidhe agus da mbéadh cneach ar bith ort, deirtear Paidir agus Abhe Maria ag gach ceann aca agus annsin tógtar an uisge.
Dálta gach aon tobair beannuighthe eile fágtar toirbheirt de sheort eighinteacht.- Bailitheoir
- Aodh Ó Baoghaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cloghan, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Cniotálaí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)