School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 277
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Baile beag liath, suaimhneach is eadh Cill-Liathaigh i gConndae an Dúin.”
Baile beag liath, suaimhneach, is eadh Cill-Liathaigh i gConndae an Dúin. Tá na sraideannaí árd, clocha cruinn orthú, na taobhannaí deanta de clochaibh gainimh ag ardughadh suas ó Loch Chuaid (?). Ar an taobh theas d'en bhaile bheag seo tá " Caisleán Chille-Liathaigh " in a suidhe ar chnuic os cionn na locha.Ba le Clann Mhic Artain an ait darb ainm Cill-Liathaigh agus Ceann Iartaigh, ach thainig fear darb ainm Séan De Courcey, teaghach de as Sasain agus socruigh síad i Cill-Liathaigh agus thóg síad Caisléan. An sean Caisleán ag Cill-Liathaigh, ghlac Cromail seilbh air fa bhlían 1649. Annsin fuair Tighearna Dufferin an caislean fa bhlían 1708.Sgríobh an bhean uasal Dufferin an dan ghalanta " I'm Sitting on the Style Mary ". Tá miodún (?) faoin caisleán tá abhainn bheag ag sileadh, agus roilig cóngarach fósta. Do réir na gCeithre Maighistir chuaidh (?) Níall Ó Lochlann sa bhlían 1149, agus thug arm leis agus sgríos síád Cill- Éoin (?). Tá claidhe deanta de clocaibh thart fa'n roilig agus tá na ballaí d'en sean teach-phobal le feicsail go foill. Tá geafta iarainn crochta ar dhá phillar chloiche ar an roilig seo. Ag taoibh an geafta tá an stíle ( style ) ar a bhfuil tracht san dán.- Collector
- Pádraig Mac Ailin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir