Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 467

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 467

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 467
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal (ar lean)

    Nuair a tháinig an tóir ar an Dálach d'iarr sé ar Albanach a mhac a choinneailt.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    báis a chur ar mhac an Dalaighe. Sgríobh siad leitir annsin leis an Dálach a chrochadh i mBaile Átha Cliath agus cuireadh mac an Albanaigh leis an Dalach go Baile-Átha-Cliath ar an dá bheathach i bféarr a bhí sa stábla. Cuireadh an litir le mac an Albanaigh. Bhí pléisiúr agus cuideachta aca an chead lá a raibh siad ar an bhealach. Ach lá ar na bhárach cá rabh an Dalach ábalta labhairt leis an méid iargnó is bhí air. d’Fhiafruigh mac an Albanaigh do caidé bhí air. Dubhairt sé go raibh iargnó mór air. Cé is measa leat i n-Éirinn arsa an t-Albanach leis. Cé is (mise) measa liom ach thusa a bhí do luighe liom ar an leabaidh amháin arsa an Dálach. Más fíor sin is an t-Albanach, dhéanfaidh mise mó dhichéall duit. Gabh tusa isteach anocht go Baile-Átha Cliath is ma tá an tádh ort soitheach a bheith ag imtheacht gheobhaidh tú ar shiubhal agus mur bhfuil crochfár thú. Chuaidh an Dálach isteach agus cá dtearn sé stad no sgríste gur shroich sé an céid. Bhí soitheach annsin agus í ar tí imtheacht. Bhí an Dalach ar shiubhal ar an t-soitheach nuair a tháinig an t-Albanach isteach go Baile-Átha-Cliath. Fosgladh an litir i gCaisleán Baile-Átha-Cliath agus cuireadh saigdúirí ar lorg an Dalaigh ó gach uile céarn san chathair. Séideadh na stuic agus na h-adharca dá chuartughadh ach chá raibh aon mhaith ann. D’imthigh an Dálach gur bhain sé an [Tuirg]? amach. Chuaidh sé isteach i dteach agus fuair sé loisdín.
    Chuaidh an bhean isteach a chaoineadh nuair a chonnaic sí é. Dubhairt sí go raibh sé cosamhail le na mac fhéin, gur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Hugh Roe O'Donnell (~5)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Nic Néill
    Inscne
    Baineann