Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 487
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí fear ann a chomhnuidhe i Mín-Ghiolla-Chairrfhaidh darbh ainm Mac-Giolla-Bhuidhe.”
(ar lean ón leathanach roimhe)air. Chuir sé an madadh ann gur chuir sé an t-sean-dhuine asteach un tighe. Nuair a tháinig an t-uncal isteach dubhairt sé leis an t-sean-bhean. Tá raithe annsin agus béidh deireadh an cháil ithte aige ar maidín. Léig an t-uncal air go rabh sé i na chodladh. Dubhairt an t-sean dhuine le na bhean go gcuirfeadh sé an gabhlann ins an t-uncal. Thuit an t-sean-dhuine na chodladh arais. Nuair a fuair an t-uncal in a chodladh é. Bhí gamhain cheangailte i dtaobh an toighe. Thug sé aníos an ghamhain agus chuir sé roimhe ar an sraideóg é. Mhusgail an t-uncal annsin. D’éirigh sé agus thug sé leis an gabhlann agus sháith sé ins an ghamhain é. Thoisigh an gamhain ag buifrigh. Fuair an t-uncal céad agus cheangal sé an t-sean-dhuine agus chaith sé isteach sa leabaidh é. Sgairt sé leis an t-sean-bhean agus dubhairt léithe go rabh a fear ar mire”. Mhusgal sé an fear eile. Rinne siad braon tae agus tháinig siad aníar na bhaile. Ní theachaidh siad go Cnoc-Leitreach ní ba mhó.- Bailitheoir
- Róise Nic Néill
- Inscne
- Baineann