Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 506

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 506

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 506
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal (ar lean)

    Tá gleann cómhgarach do Chill Chathrach i dTír Chonaill, darbh ainm an gleann bholcain.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    cionn an dorais. Nuair a bhí Micheál ag dul amach bhuail sé an clog agus leag sé é. Sé an bhríg a bhí ins an chlog seo nuair a bhuailleadh é bheireadh sé cuireadh un féasta do na sloighte sidhe agus bheireadh sé fhios ua h-aca sluagh a rabh cuireadh do dul. Tugadh chuireadh un feasta do Chnapastun, rí ridhe an Mhucrais agus an dream a bhí leis. Ní raibh fios ag an bholcan mór go raibh siad ag teacht agus ní raibh gach ar bith réidh aige. Sa deireadh tháinig siad. Nuair a chonnaic cnapastun mar bhí chuir sé troid ar an bholcan mhór. (nuair) Mhair sé trí oidhche agus nuair a bhí cuid fear bholcan marbh, theith sé suas an cnoc, lean cnapastún é agus nuair a fuair sé greim air bhuail sé é le slát draoidheachta agus rinne sé carnan de. Tá sé ann ón lá sin go dtí an lá indhuí. Bhí coill ag fás ar dhá thaoibh Ghleann Bholcain agus le h-olc ar bholcan, ghearr Cnapastún anuas gach Crann ann. Níor fhás aon chrann ann ó shoin. Ach níor bhuaidh Cnapastún i gcomhnuidhe. Bhí troid idir é féin agus sluagh ridhe Connacht ag beann Gulban. D’innis Cnapastún do dhaoine da gchailleadh sé an lá sin go bhfeicfidhe deora (fóill) fóla ag a thobar. Cúpla lá na dhiaidh, ón lá sin amach níor mothuigheadh Cnapastun
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Nic Néill
    Inscne
    Baineann