Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 533
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí fear ann am amháin agus bhí triúr mic aige. Bhí sé iongantach aosta.”
Sean Sgéal.Bhí fear ann am amháin agus bhí triúr mic aige. Bhí sé iongantach aosta. Nuair a bhí sé ag fághail bháis sgairt sé ar na mic agus rann sé achan rud ortha. Diarr sé ar an mac ba óige a cóta a thabhair chuige. Bhí trí leith-pighne in a phóca. Thug sé leith-phighinn do gach fear acu. Níor rann sé na caoraigh ar chor ar bith. Ní rabh bainnt ar bith acha leis na caoraigh annsin. Lá (f) amháin tháinig fear thart agus d’iafruigh sé do na fir cé aca ba leis na caoraigh. Dubhairt siad nar fhág an t-athair ag duine ar bith iad. Dubhairt an fear. Roinnfidh mise eadar an triúr agaibh iad. Maith go leor arsa na gasraí. D’fiafruigh sé don chéad gasúr cé aca a bfhearr ag obair. Dubhairt an chead gasúr go rabh seisean maith ag obair go dtiocfadh leis ceann a chur ar caisleán in uair a chluig. Dubhairt an dara gasúr go rabh seisean go maith ag obair go dtiocfadh leis an méid fainleógaí ar an domhain a chruinniughadh in uair a chluig agus iad a chuir isteach in a sgiobal gan ceann ar bith agus iad a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic Ghloinn
- Inscne
- Baineann