Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 538
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Tháinig beirt Lochlannach go hÉirinn fad ó shoin mar gheall rún déanta beórach a fhághail.”
Sean Sgéal.Tháinig beirt Lochlannach go h-Éirinn fad ó shoin mar gheall rún déanta beórach a fhághail. Chaith siad an chead oidhche i n-Doire agus chuir siad tuairisg ar fhear an toighe in a raibh siad ar loistín fan rún. Níl ach beirt fhear i n-Éirinn arsa an fhear. “An bhfuil an rún aca. Fear agus a mhac agus tá siad na gcomhnuidhe i gConndae Dhún-na-nGall. Níl beóir ar bith san domhain atá comh maith leis agus mas mian libh rachaidh mise libh amárach agus thig libh an rún a fhághail”. Thug an Lochlannach buidheachas da’n Éireannach, agus tháinig an triúr go teach na bhfear a rabh an rún aca. Cuireadh fáilte rompa agus fuair siad cuid de’n bheóir. “Sin an bheóir is feárr a bhlas mé ariamh arsa an Loclannach. Má tá sibh sásta an rún a dhíol” arsa seisean” Nil agaibh ach an luach a ainmnuí. D’amharc an t-athair ar an mhac annsin. Thug sé freagar ar an Lochlannach. Níl oireád óir agus airgid i dtír na Lochlannach “ar seisean” as a cheannóchadh an rún. Acht ó thárla go dtearn sibh an turas seo ba(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic Ghloinn
- Inscne
- Baineann