Scoil: Tóin an tSeanbhaile

Suíomh:
Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo
Múinteoir:
Pádhraic Mac Pháidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 366

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 366

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tóin an tSeanbhaile
  2. XML Leathanach 366
  3. XML “Na Naoi Laethe is Measa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Naoi Laethe is Measa
    "Trí lá na Riabhaighe" tigeann siad an 1adh, 2adh, 3adh Aibreán, bhí bó bhreach, riabhach ann fadó agus bhí sí tannaidhe. An lá deiridh de Mhárta dubhairt sí go raibh sí ceart, chraith sí a ruball nuair nár mharbhuigh Márta í, act fuair Márta trí lá ó Aibreán, agus d'fheann siad an craiceann d'en Riabhaigh agus mharbhuigh siad í agus sin é an fáth a dtugtar an t-ainm sin orra.
    "Trí Lá na Cuaiche" tigeann siad ar an 15adh, 16adh, 17adh Bealtaine agus deireann na sean daoine gurab í an chuach is cionntach leobhtha mar bíonn an uair go h-olc. Glaodhann cuid de na daoine "Garbhóg na Cuaiche" ar na laethannta sin.
    Amuich san fóghmhar tigeann gaoth agus baineann sé an chlúmhach de'n lonn dubh. San M Fóghmhair a thigeann na trí laethe seó agus glaodhann siad "Trí Lá Lomradh an Luinn" orra.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Páid Ó Cabharcaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doogort, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    88
    Seoladh
    Doogort, Co. Mayo