Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí Báistighe
1. Nuair féachainn na sléibhte i n-aice dúinn.
2. Nuair a bhíonn an cat in a shuidhe agus a dhruim leis an teine.
3. Nuair a bhíonn na fáinleóga ag eitilt in aice na talmhan.
4. Nuair a bhíonn na mioltóga in aice na talmhan, sin comhartha droch-aimsire agus nuair bhíonn siad suas san aer, sin comhartha aimsear bréag.
5. Nuair a bhíonn an sugh ag tuitim go flúirseach ar an teallach.
6. Nuair a bhíonn an mada ag ithe féir.
7. Nuair a bhíonn dáth buidhe ar na preabaire na lathaighe sin cómhartha droch aimsire.Aimsear Bréag
1. Nuair a eirigheas an deatach go díreach ó'n similéar sin chómhartha aimsear bréag.
2. Dath dearg ar an spéir 'sa tráthnóna agus dáth liath uirthi ar maidin sin cómhartha lá bréag soillseach.
3. Na fáinleóga ag eitilt go h-árd sa spéir.- Bailitheoir
- Sighle Ní Mhuineacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Frenchbrook North, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Séamús Ó Mhuineacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Frenchbrook North, Co. Mayo