Scoil: Saighleán (uimhir rolla 6849)
- Suíomh:
- Sylaun, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic Puirséal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)TOBAR GÁRÁIN:I gCluan a' Glaise tá an tobar seo - míle glan díreach ó thuaidh ón scoil. Tá sruthán a rith tríd an baile agus tá an Tobar ar bhruach an tsrutháin timcheall 100 slat uaidh. Níl sean teampall nó fothrach inaice leis an áit a chuirfeadh in umhal dúinn go raibh naomh in a chómhnuidhe ann nó ná raibh.Deirtear gur i aonacht le N. Pádraic a bhí Gárán agus uair dá raibh siad a taisdeal na h-áite seo shuideadar síos annseo le n-a sgith a leigint. Bhain Gáráin cloch a bhí a lomadh aníos ar bharr na talamhan agus in áit na cloiche d'árduigh an tuisge go raibh sé chomh h-árd leis an bhféar sin é an fáth a tugadh Tobar Gárán air.Deantar turas annseo ar laethe áithrid:- an 15ad Mí Lúghnasa agus an 8adh mí na Nodlac. Deirtear nach féidir an tuisge seo a bhruith gur rinne sagart áithrid iarracht air é a bhruith acht gur cinn air agus in a dhiadh sin gur bhuaid tinneas eigin é mar gheall air agus ó sin ní raib se de mhisneach ag aon duine san gCómharsanacht é a bhruith.Deantar an turas mar seo:-Tosuightear ag an crann taobh siar agus deantar siubhal thart air seacht n-uaire a rádh san am céadna paidir, Ave Maria, gach uair agus an Cré a rádh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Mhaoilalaidh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Maoilalaidh
- Inscne
- Fireann