Scoil: Saighleán (uimhir rolla 6849)

Suíomh:
Saighleán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Puirséal
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0286

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0286

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Saighleán
  2. XML Leathanach 0286
  3. XML “Toibreacha Beannaithe na hÁite seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá ceithre cinn de thoibreacha beannuighthe san Cheanntair seó mar tá, Tobar an Chluig ag an Trían Bán paróisde an Chomair, Tobar Garán ag Cluan na gClaise paróisde Chille Chonnla, Tobar Michil ag Béal A' Chláir paróisde an Chomair, agus Tobar Naoimh Beinín inaice le teampal Beinín paróisde Chille Chonnla.

    TOBAR a' CHLUIG
    Tá an tobar seo timcheall ceathramhadh míle siar ón scoil; suidhte gar do'n loch tá annso - Loch Trían Bán.
    Deirtear go raibh Naomh Phádraic ag taisdeal na h-áite seo agus gur thug sé turas go dtí an Tobar. Ghuidh sé ann agus leig a sgíth. Tá lorg a ghlúineacha le feicsint ins an gcarraig le h-ais an tobair in áit a raibh sé a ' guidhe. Bhaist sé go leor daoine annseo agus le linn an Bhaisdimh thuit a chlog síos san tobar agus cailleadh é.
    Uaidh sin tháinic an t-ainm Tobar a' Chluig. Bhíodh daoine a teacht annseo fadó ag tabhairt turasanna acht le bliadhanta anuas níl tada de'n chleachta sin ann.
    Bruitheann an tuisge seo agus mar gheall ar sin ceapann na daoine nach bhfuil aon bhrígh ann mar thobar beannuighthe. Deantar úsáid den uisge.
    Tá Cathaoir N. Pádraig in áit a leig sé a sgíth ar an taobh shiar de'n tobar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Sorcha Ní Mhaoilalaidh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Maoilalaidh
    Inscne
    Fireann