School: Scoil Fhursa, Clárán

Location:
Clerhaun, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Gairbhín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0142

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0142

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Fhursa, Clárán
  2. XML Page 0142
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar an mbúistéár agus d'ordaigh sí dó an chaora dhubh a mharbhadh. Rinne an búistéar amhlaidh. Fágaidh an cailín annsin gan cara gan companach. Shúidh sí síos chrom sí a ceann agus thosaigh sí ag gol. "Céard atá ort a cailín agus cén fá a bhfuil tú ag gol arsa guth taobh tíar dí." D'fhéach an cailín agus ché bhéadh ann ach prionnsa óg. Mac Ríogh ab eadh é a bhí ag taisteal an domhain ar lorg mná. Do bhí iongnadh ar an Mac Ríogh cailín chomh breagh dóigheamhail léi a feiceáil i mbun caorach amuigh ar thaobh cnuic. D'iarr an prionnsa uirri teacht abhaile leis go bpósadh sé í. D'éirigh an cailín, léim sí i n- áirde ar an gcapall mór bán taobh thiar d'en prionnsa. As go bráth leis an mbeirt agus cos níor bhaineadar as rith gur shroicheadar tír an mhic Ríog, Pósadh annsin iad agus nuair cailleadh an sean-Rí fuair an Mac an choróin, Ní bréag a rádh gur mhair an Rí nua agus a bhean i bhfad fá séan agus fá shonas i n-a diaidh sin.
    Mairéad Ní Áinín,
    Clarán Ó Máire Ní Áinín
    Ath - Cinn Aosta = 45 bliana
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Ní Áinín
    Gender
    Female
    Address
    Clerhaun, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Áinín
    Gender
    Female
    Age
    45