Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Corrandrum, Co. Galway
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear ann fadó agus ní raibh aon slíghe -beatha aige ach a bheith ag sgríobhadh amhrán agus ag cur ceóil leo. Sgríobh sé go leór amhrán mbréagh ach ba bheag an tsuim a cuireadh ionnta agus bhí sé ag cinne air aon cheannacht a fhághail ortha. Bhí sé ina chómhnuidhe leis féin i mbotháinín beag agus ní mórán do shógh an
t-saoghail a bhí aige. Bhí an saoghal ag dul chomh cruad sin air sa deire gur dhubhairt sé leis féin go rachadh sé amach ar fud sráideanna na cathrach féachaint a bhféadfadh sé a chuid amhráin a dhíol. Acht sé a ndéanadh a dtéigheadh thart breathnú ortha agus imtheacht leo. Annsin thosuigh sé ag casadh ceann dá chuid amhrán ag ceapadh dá gcloiseadh na daoine a bhinneas go béadh truadh aca leis agus go gceannóchaidís é. Ach bhí a glór géar searbh agus ní dhearna a raibh ag dul thart ach glaoidh magaidh dhe. Ba dhoiligheasach a bhí sé agus é ag tabhairt a aghaidh abhaile an tráthnóna sin, agus é ag rádh leis féin go raibh a amhrán deireannach ó thárla nach raibh ag aon(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Cuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Kilgill, Co. Galway