Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Corrandrum, Co. Galway
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr an Droma
- XML Leathanach 0243
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear ann fadó agus bhí sé thíos i gCnoc Má ag baint sgoilib. D'éirigh girrfhiadh amach ó thum sgeach. Chaith sé an corrán leis agus chuir sé in-a sheasamh ag ceathrú an girrfhiadh é. D'imthigh leis agus thug sé an corrán leis. Chuaidh sé abhaile cráidhte go leór gan corrán ná sgoilib. Tuairim is bliadhain in a dhiaidh sin bhí sé ag dhul ar aonach go Caisleán an Acaid. Chonnaic sé solus i dteach in-aice le Cnoc Má. Breathnuigh sé isteach go gcuirfeadh sé splannc in a phíopa agus bhí sean-bhean in-a suidhe in-aice leis an teine. Nuair a bhí sé ag dul amach chonnaic sé corrán ar cúl a rata tighe. D'fheách sé air. "Tá an corrán cosamhail leis an corrán a chaith mé leis an girrfhiadh fado" adeir an fear. "Is fíor duit", adeir an sean-bhean. "Is mise an girrfhiadh a chaith tú an corrán leis. D'fág tú eólon orm ar fhad is mhairis mé." Thóg sí suas a cuid éadaigh agus teasbáin sí a ceathrú dhó mar a bhí lorg an chorrán(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Cuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Kilgill, Co. Galway