Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Corrandrum, Co. Galway
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr an Droma
- XML Leathanach 0245
- XML “Seán an Cráiteachán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear ann fadó dar b'ainm Seán. Ba é a mhian a bheith níos saidhbhre ná duine ar bith dá chómhursanaibh. D'fhág a athair agus a mháthair saidhbhreas mór aige, ór agus airgead, ba, caoirigh agus capaill. Ní phósfad sé inghean chomhursan ar bith, muna bhfuigheadh sé bean nach n-íosfadh greim ar bith, agus bhí sé ag seargadh le aois, mar bíodh sé ag tabhairt caill agus riachtanais dó féin i ndhíoghbháil bidh agus éadaigh. Bhí cailín ann a bhí measamhail, spórtamhail, a raibh fhios aici le greann a labhairt agus a dhéanamh acht nach raibh aon phighinn spré aici lé fághail. Dubhairt sí le Seán "is mise a d'óirfeadh dhuit mar níor ith mé ghreim bídh ariamh agus ní iósfad chomh fhad is mhairfead mé beo. Goide mhéad saidhbhreas a bheadh againn dá mbheimís pósta agus ag cur le chéile ghá chruinnuighadh." Chlaon Seán agus dubhairt sé "A Shorcha, réidhtigh thú féin i mhhárach agus teighmís go teach an tsagairt agus beidh an margadh déanta.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Sgiréud
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 39
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Kilgill, Co. Galway