Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Corrandrum, Co. Galway
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar a cholpa air agus chuir sé fiachla isteach go cnámh, agus , mar bhárr gach aindeise, chaith an t-asal a dhá chois deiridh leis agus bhris sé easna. Ach bhain sé a chara amach ar chuma éigin. "Conus tá an sgéal agat", ar seisean. "Tá go n-aindeis, is orm-sa a bhí an mí-ádh dul ann ar aon chor. Ní túisce a bhíos i seomra an óir ná chuir sidhe gaoithe an solus í n-éag. Bhí na mílte greasuidhthe ann agus cuireadar go léir meanaithe tríom . Theitheas go dtí an tinteán agus bhí mar a bhéadh sean-bhean ann agus cáirdeál , ach níor fheadas a dhéanamh amach an le taisteal nó lé cárda a sgrios sí an craiceann de m'aghaidh. Amach an doras liom, ach rug fear le na fhiacla ar chúl mo chinn agus thug sé clabhta baise dom ar gach taobh sa dá leath-ceann, agus ní túisce lasmuich mé ná cuireadh sgian trím cholpa agus ba dóbhair gur críochnuigheadh ar fad me le buille siúste a bhris easna. Ach ní hé sin an cuid is measa den sgéal ach cad a dhéanfaimíd anois.
Is baoghal gurbh í an gaduidheacht ceannuighthe dúinn é. Béimíd tóghtha amáireach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Oisín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Domestic worker (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Anbally, Co. Galway