Scoil: Corr an Droma

Suíomh:
Corrandrum, Co. Galway
Múinteoir:
Breandán Ó Míodhcháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0424

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0424

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corr an Droma
  2. XML Leathanach 0424
  3. XML “Sna Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus a dul abhaile an rud a d’iarrfadh sí uirthi (léi) a dhéanamh, ‘An chéad mhaidin eile an teach a fágáil ar bheagán bíd agus nuair a d’éireachadh ar maidin gan freastal ar bith a dhéanamh air ní go mbeadh sé sáruigh ag clamhsán agus ag éagcaoineadh, agus ansin a innseacht do ná raibh aon bhlas bidh sa teach nó go dragadh sí féin abhaile ón mbaile mhór. Ruainne beag min-eoirea agus blaosg ubh lachan a thabhairt dó agus braon uisce ann, a rádh leis ‘stirabouta’ a dhéanamh dó féin fhad is bheadh sí amuigh insa mblaosg; a dhul ansin agus a ligin uirthi féin go raibh sí imighthe agus, leabaidh imtheacht éisteacht ag an doras in ionas go bhfeiceadh sí céard a déarfadh sé nó céard a dhéanfadh sé!
    Rinne sí mar a dúirt an ‘bhean fios’ léi agus seo mar dúirt an páiste leis féin: ‘Is cuimhneach liom Fionn a bheith ina leanbh, Is chonaic mé é ina shean-fhear’, ach ‘stirabouta’ a dhéanamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó hEilbhort
    Inscne
    Fireann
    Aois
    38
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An tSeanchill, Co. Galway