School: An Mhainistir, Carrabeg
- Location:
- Carrowbeg, Co. Galway
- Teacher: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo iad na ráidhte atá ag na sean i dtaobh na h-aimsire. Tá an geallach báidhte anocht sílm gur gearr go mbeidh báisteach againn. Déarfainn go raibh na cnuic ag féachaint an gar dúinn indhiu is gearr go mbeidh báisteach againn. Beidh droch úair againn mar thá druim an chuit leis an teinidh. Chonnaic mé na cearcaigh á bpiocadh féin indhiu beidh báisteach againn. Chúala mé na feadóga ag dul thart trathnóna aréir beidh droch úair againn. Bíonn muid a radh i gcómhnuidhe núair a fheiceann muid na madrí agus na cuit ag ithe féir glas go bhfuil báisteach air.
Bíonn muid a rádh go mbíonn úar breagh air núair a bhíonn an grían dearg ag dul faoi. Núair a eirigheas an tuile ar an árd bíonn muid ag rádh go mbíonn sé i ngar do úar breagh.
Déarfainn go mbeidh sioc againn anocht bhí na réaltóga go h-an lastaigh. Bhí na géanna fíadáine an íseal anocht déarfainn gur gearr go mbeidh báisteach againn. Féach chomh gorm is atá an teinidh beidh an lá amárach fluich.(continues on next page)- Collector
- Séamus de Búrca
- Gender
- Male
- Address
- An tEanach Thoir, Co. Galway
- Informant
- Tomás de Búrca
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An tEanach Thoir, Co. Galway