School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhuail sé ag an doras, agus cé thiocfadh dá leigeann isteach acht fear an tighe, d'fiafhruigh sé de'n bhachaill [!] céard a bhí uaidh, dubhairt an bhuachaill go raibh lóistín go maidin. D'fiafhruigh an fear den bhuachaill cé'n sórt oibre a bhí sé indon a dhéanamh. Deir an buachaill go raibh sé indon gach cineál a dhéanamh. An maidin cheap fear an tighe obair dheacair do'n bhuachaill. Rinne an buachaill a dhícheall léithe, agus nuair a tháinigh fear an tighe tráthnóna, mhol sé an obair. An lá ná dhiaidh sin thug sé obair dó a bhí seacht n-uaire níos deacaire ná obair an chéad lá. Mar sin féin bhí obhair an dara lá seacht n-uaire níos fearr ná obair an chéad lá ag an mbuachaill. D'fhan sé bliadhain ag obair ag an bhfear. Nuair a bhí an bhliadhain thuas aige dubhairt sé go mba mhaith leis dul abhaile go bhfeicfeadh sé cé'n chaoi a raibh a mhuinntir. An tráthnóna a bhí sé le dhul abhaile, bhí a fhios ag na cáilíní go raibh sé le n'imtheacht agus chuir siad sgeanna agus spunógaí óir in a mhála. Nuair a tháinigh am an dinnéir, ní raibh ceann de na spúnóga ná de na sgeannaibh óir, le fágháil. Ní raibh a fhios ag na cailíní, má b'fíor díobhtha féin cá raibh siad agus thosuigh siad ag rádh le fear tighe, nach raibh aon duine le na gcorruighe acht an fear(continues on next page)
- Informant
- Bhailentín Ó Dubhagáin
- Gender
- Female
- Age
- c. 66
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway