Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)am a gcuirtí piosaí de sheithi ainmhidhe timceall na gcos.
Níor chaith cuid de na daoine aon bróg ariamh fadó. Ní chaithean[n] na páistí aon bróg tamall de'n bhliadhain sé sin an samhradh. Caitheann cuid aca bróga isle.
Ní déantar aon bróg in mo bhaile féin acht deisighthear ann.
Nuair a bíonn poll ar thaobh na bróige cuirtear taoibhín air. Nuair a bhíonn poll ar bhun na bróige cuirtear péire tosaidhe air.
Deirtear gurbh é an leipreachán a dhéanann na bróga do na sideóga.
Bhí daoine ann ins an t-sean aimsir agus bhídhís fiche bliadhain sul ar chaithidís bróga. Bhí go leor daoine ann fadó agus níor chaith siad [siad] aon bhróg aríamh agus mar sin féin bhí siad breágh sláintamhail. Sé an sórt bróga a bhíod ortha na málaí brarróige nó craiceann caorach.
Déuntear agus deisightear bróga Ghaillimh agus tá dhá ghréasaidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)