Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- XML Leathanach 0087
- XML “Scéalta”
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá sgían agam agus bhainfidh mé an ceann díot. Ní bhainfhidh tú é. Bíod beag le rádh agat anois. Is féidir liomsa draoidheacht a oibriú ort. Leag an mada a ruball ar an bfhear agus bhí an fear in a chat agus d'imhthigh síos san uisce. Bhí cainnt ag gach ainmidhe a bhíod san tobhar. Bhíod siad ag troid nuair a bhíod ainmhidhe óg ann. Bhí gach cineál draoidheacht ag na ainmidhe a bhí ann. Nuair a cuala na sagairt é bhiód siad ag. léigheamh Aifrinn chun nach mbeadh aon nídh le féicheal ann níos mó. Níol rud ar bith mar sin ann anois buidheas le Dia.
- Bhí capall ar an mBóthar Fánach agus ghoid na tóirí í agus tug síad síos go Maidí Bhun Duibh. Sé an t-ainm a bhí uirri na Moll Dubh an Ghleanna. Nuair a bhí sí trí lá imtighthe tháinig fear ag siubhal thart agus dubhairt se leis an bfhear a bhí sí imtighthe uaidh go raibh sí síos ag Maidí Bhun Duibh. Nuair a chuaidh sé ar a tóir bhí bailiúghadh mór roimhe ag Droichead ó na gCeann.
Dubhairt siad leis go gcaithfhead sé an oidhche a fhaire mar go raibh rud 'ghá aireachtáil ann. Dubhairt sé leobhtha dul abhaile ar fad agus go bhfhanadh sé féin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máirtín Mac Ghiollarnáith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe