Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)

Suíomh:
Garraun, Co. Galway
Múinteoirí:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garán
  2. XML Leathanach 0030
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá ráthanna agus liosanna go flúirseach san áit seo. Is féidir dul isteach i gceann amháin aca . Tá dhá sheomra ann. Tá sé déanta de chloich. Tá sé suidhthe sa Gharán. Tá sé go h-an dorcha istigh ann. Tá lios i mBaile na Manach agus Bearna Crádha a tugtar air. 'Sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin air ná go raibh daoine ag troid ann fadó. Tá trí fallaí thart timcheall air agus tá siad déanta de chréafóig agus tá siad tuairim a's deich dtroighthe ar áirde. Deireann na daoine timcheall na h-áite seo go mbíonn sidheóga istigh ins na liosanna sin. Tá ceann eile i mBaile na Cúirte in aice le roilig. Deireann na daoine gur ins na liosanna sin do chomhnuidhe na daoine fadó. Tá go leór sgairighe istigh ins na liosanna sin. Tá trí liosanna ins an áit seo. Fuair na daoine go leór sleaghanna san lios atá i mBaile na Manach. Tá liosanna eile in aice le hÁrd Fraoigh agus tá crainnte ag fás thart timcheall (air) ortha. Deireann na daoine go raibh gunnaí ins na liosanna sin fadó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge