School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0029
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Glaodhann a lán tinncéaraí go dtí an áit seo go minic. Bíonn rudaí le díol ag cuid aca acht ní bhíonn rud ar bith ag cuid eile aca. , Pictiúirí, buicéadaí agus bioráin is mó a bhíos aca. Is ag iarraidh déirce a bhíos an chuid is mó aca. Téigheann siad thart timcheall na h-áite i na dreamanna agus bhíonn asail agus cairt ag cuid aca. Ní cheannuigheann na daoine ó'n áit seo mórán ó na daoine sin. Bíonn cuid aca i ndon deis do chur ar channaibh. Déanann siad tighthe dóibh féin ar thaobh an bhóthair. Comhnuigheann cuid aca i dtighthibh na ndaoine. Bíonn cuid aca indon amhráin do ghabháil do na ndaoine. Iarann siad tae agus rud éigin le n-ithe ar na daoine. Ní h-é an dream céadna a ghlaodhann i gcomhnuidhe. Do bhíodh cuid eile aca ag díol cupán agus fó-chupáin. (agus)Tá daoine ag dul thart anois agus bhíonn siad ag díol éadach. Bíonn málaí déanta de leathar aca. Bíonn cuid aca ag siubhal agus bíonn rothair ag cuid eile dhíobh.Nuair a thagann na fir isteach iarrann siad de na daoine an bhfuil éadach nó bróga ag teastáil uatha. Uaireannta freisin tagann daoine thart timcheall na h-áite seo ag díol capall, asal, agus ainmhidhthe eile mar sin.