Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)

Suíomh:
Garraun, Co. Galway
Múinteoirí:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garán
  2. XML Leathanach 0037
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis an tobar. Tá leighis san uisge atá san tobar do shúilibh tinne acht caithfidh duine atá ag iarraidh a shúl do leighis codladh ar an lic ar feadh trí oidhcheannta agus an t-uisge atá san tobar d'ól. D'fhágadh na daoine píosaí éadaigh ar sgeich atá ag fás i n-aice leis an dtobar. Tá tobar i n-Árd Fhraoigh agus Tobar Bhréannáin is ainm dó. 'Sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin air ná go mbíodh Naomh Bréannán ag rádh paidreacha i n-aice leis an dtobar agus bheannuigh sé an tobar. Ní féidir an t-uisge atá i dTobar Sabhairne a bhruith mar bhí daoine ag iarraidh an t-uisge do bhruith acht níor éirigh leo é sin do dhéanamh. Is minic a leighiseadh daoine ag Tobar Sabhairne. Théigheadh a lán daoine go Tobar Sabhairne fadó acht ní théigheann siad ann anois ar chor ar bith. Tá tobar eile i bProspect agus théigheadh na daoine go dtí an tobar sin fadó acht ní théigheann siad ann anois. Tobar beag atá ann agus ní bhionn mórán uisge ann anois agus ní bhíonn uisge ann ar chor ar bith uaireannta. Tá falla beag thart timcheall ar an dtobar. Leighiseach daoine ag an dtobar sin go minic. Tobar Bhréannáin is (ann) anim dó. Bhí dream saighdiúirí ó Sasana ag dul tar an dtobar lá amháin agus bhí bean ag an dtobar ag rádh paidreacha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge