Scoil: Cros-Bhóthar (uimhir rolla 14688)
- Suíomh:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Maoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cros-Bhóthar
- XML Leathanach 0002
- XML “An Phaidrín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Phaidirín
i) Comhartha na Croise. In ainm an Athair agus a Mhic agus a Spioraid Naomh Amén.
ii) An confitéor anseo: Creidmuid a Dhia go bhfuil tú anseo i lathair, go bhfuil tú ag féachaint orainn go bhfuil tú ag éisteacht linn, go bhfuil fhíos agat ar an uile smuintú adhraimud agus onóraimud thú admhuighmuid gur tú ar gcruthuightheóir ‘s ar n-árdthighearma agus i slighimid sinn féin go h-iomlán faoi do smacht.
iii) Cuirimid sinn fein i bhfiadnaise dé bheirimid moladh mór agus buidheachas duit faoi gach tiodlacadh agus grásta dá dtug tú dhuinn ó oidhche ar mbeirthe go dtí seo cláthair agus go speisíalta ar dtabhairt slán ó chodladh na hoiche aréir. Ofráilimid duit a thighearna ag gcorp ar n-ainm. Ar gcoidhte ar n-intinn agus ar n-uile smaointú a n-oileann do ghlór is d’onórachaí féin agus tá siul again le congna an Aoin Mhic Iosa Críosta gan aon nidh a déanamh ar an saoghal seo a chuireas fearg ort arís go bráth.
iv) Ó áthigearna mar nach b’fuil fhios again dul ag codladh dunn a n-eireodh muist aríst go bráth. Tabhair dhúinn ó ghrásta a sinn féin do mhion-scrudu.(leanann ar an chéad leathanach eile)