Scoil: Crois Bhóthar

Suíomh:
Pollacorragune, Co. Galway
Múinteoir:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0104

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0104

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Crois Bhóthar
  2. XML Leathanach 0104
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal Grinn
    Cuala mé an sgéal grinn seo ó m'athair atá in a chomnuidhe i gCluan Caoilbhiga agus míle ar an taobh thiar. Chuaidh de Chuaim. Tá sé timceall is 58 bliadhna d'aois fuair sé an sgéal ó a athair a fuair bás 27 bliadhanta ó shoin.
    Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí siad an-bocht bhí mac amháin aca darbh ainm do Páidín. Bhí an-grádh ag an athair is an máthair air agus bhí sé a eirigh an-láidir ar an aois a bhí aige agus nuair a bhí sé acht seacht mblian d'aois dubhairt an t-athair leis an máthar go raibh crann fuinnseóige ag fás ins an ngáirdín agus ba cheart dóibh an mhac a thabhairt amach agus a chuid nirt a iarraidh air go bhfeicfeadh siad an raibhsé i ndon é a tharraint suas as na préamhacha. Rinneadh amhlaidh acht chlis air é a tharrainc. Dubhairt an t-athair leis an m'athair ba cheart é a thabhairt isteach arís agus aire maith a thabhairt dó go ceann seacht mbliadhain arís agus rinne siad sin. Thug an t-athair is an máthair aire maith dó go raibh sé ceithre bliana
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Núthail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cloonkeenbeg, Co. Galway