Scoil: Crois Bhóthar

Suíomh:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0242

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0242

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Crois Bhóthar
  2. XML Leathanach 0242
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 'Sé an t-ainm atá ar mo cheanntar ná Cill Craobhántaigh. Tá sé i bParóisde Cille Bheinín agus i mBarúntacht Dúin Mhóir. Tá 22 tighthe ann anois agus le goirid a rinnead an chuid is mó aca acht bhí sean-theach ag gach duine ar dtús.
    Baisteadh an t-ainm Cill Craobhantaigh ar an gceanntar nuair a bhí mainistir ann. Tá abha in aice le fothracha an mhainistir agus bhí craobhacha ag fás ar gach taobh dí. Uair amháin tháinig gadaidhthe treasna na h-aibhne agus do ruaig siad an Mháthair Abb agus na mná-riaghalta as an mainistir agus bhí na mná-riaghalta ag glaodhach amach agus iad ag imtheacht - "Cill Craobhantaigh."
    Tá mór-sheisear sean-dhaoine ins an mbaile beag agus i ndon Gaedhilg a labhairt go maith. If féidir leo sgéalta a ainnsint tré Gaedhilg nó Béarla.
    Seo a n-ainmneacha:-
    Brighid Bean Uí Raiftéirigh
    Aine Bean Uí Cheallaigh
    David Reddington
    Pádraig Ó Mainnín
    Micheál Ó hAodhan agus a bhean - Máire
    Micheál Seoighe
    A seóladh:- Cill Craobhantaigh, Tuaim, Co. na Gaillimhe

    Níl mórán fothracha teach ann, acht amháin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Chraobhanta, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Seósaimhín Ní Chiaragáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Chraobhanta, Co. na Gaillimhe