Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhíonn sé ag iompódh thart. Tagann sé aníos as an tobar annsin, teigheann sé giota uaidh agus déanann sé leacht le naoi gclocha, paidreacha ghá rádh aige fhaid is a bhíos sé dhá dhéanamh. Sin críoch an turais.'Sí seo an chaoi ar eirigh an tobar ar dtús. Uair amháin thárla gur sháith Naomh Pádraig a bhacall san áit go díreach in a bhfuil an tobar anois. D'éirigh an tobar ar an bpoinnte. Baisteadh ann taoiseach na h-áite sin arbh ainm dó Lughaidh.As an tobar ólann duine trí blogam de'n uisge, tugtar cuid de'n uisge abhaile agus coinnightear sa teach é.Fágtar rudaí mar píosaí éadaigh, bioráin gruaige, buinn is píosaí paidríní, ar an gcrann atá ag fás in aice an tobair.Níl iasg san tobar anois acht deirtear go raibh fadó agus gur imthigh sé nuair a báitheadh ainmhidhe le duine eicint as Cill Bheinín ann.
Tá Tobar Garáin suidhte i bpáirc le Seán Ó Lurgáin i gCluain na gClasa san bparoísde céadna, acht dhá mhíle nó mar sin ó'n Tobar Bheinín. Ní féidir an t-uisge de a chur ar fiuchadh dá mba rud é go dtiubhradh duine abhaile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cloonkeenbeg, Co. Galway