Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (uimhir rolla 12138)
- Suíomh:
- Brownsgrove, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic Ó hAnnracháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ór agus seóidí i bhfolach fá crann cuilinn atá ag fás ós cionn dúin ar thalamh fheilméara atá ina chomhnuidhe i n-aice linn i n-áit dár bhainm dó "Meadharlaí". Thug fear Éireannach iad ó India i bhfad ó shoin agus ghoid sé iad ó thaoiseach a bhí ina chomhnuidhe annsin. Tháinig an fear go h-Éirinn leis na seóidí agus an t-ór, acht chuir an taoiseach a mhac ar a thóir. Tháinig an mac suas leis an fear agus rinne sé iarracht ar é a mharbhú. Tháinig faitíos ar an bhfear agus romhar sé poll mór i lár an dúin agus chuir sé na seóidí agus an t-ór ann agus chuir sé crann cuilinn ós cionn an phuil.
Marbhuigheadh é ina dhiaidh sin. Ní bhfuair an taoiseach na seóidí ná an t-ór ariamh agus creideann na daoine go bhfuil siad faoi an crann cuilinn go dtí an lá atá indiu ann agus go bhfuil "na daoine maithe" ag tabhairt aire dóibh. Dá ndéanfadh duine iarracht cun an t-ór a fhághail go ndéanfadh "na daoine maithe" gearleanmhain air agus nach mbéadh aon ádh aige nó go gcuirfeadh sé an aidhm sin as a cheann.
Rinne fear iarraidh chun é a fhághail uair amháin. Cheannuigh sé úirlísí nuadh chun é a dhéanamh. Acht an oidhche sin cluineadh gach torann ní bha mheasa ná ná an céad cheann ins an teach tar éis do na daoine bheith imthighthe ina gcodhladh. Nuair a chuadar amach ar maidin bhí na barraí uile imthighthe. Ní raibh fata nó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Eathach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Beagh (Browne), Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cinnéidí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Beagh (Browne), Co. Galway