Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (uimhir rolla 12138)

Suíomh:
Brownsgrove, Co. Galway
Múinteoir:
Pádhraic Ó hAnnracháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0512

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0512

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove)
  2. XML Leathanach 0512
  3. XML “Féilí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá Fhéile Stíopáin. San gceanntar seo téigheann na buachaillí beaga ó theach go teach Lá Fhéile Stíopain agus an dreolín i mbosca déanta suas le cuilean agus le cleití
    iol-dathacha acu. Deireann síad an rann seo:- Dreolín, Dreoilín, Rígh na nÉan, Is mór é do mhuirín, is beag thú fhéin. Éirigh suas a bhean a' tighe agus tabhair cúpla pighinn dúinn" ins na tíghe agus síad píghinn nó dá phighinn in ghach teach.
    Lá 'le Bríghde. Oidhche Lae Fhéile Bhríghde na fir is na cailíní óga
    ó theach go teach agus íad gléasta suas ionnus nach mbeadh aithne ag na daoine ortha. "Bríghideógaí" tugtar ortha. Bíonn ceann acu ag seinm ceóil ar an meloidean
    no ar an orgán béil agus bíonn an cuid eile ag damhsa. Gheibheann
    síad cúpla píghinn in gach teach.
    Mairt na h-Inide. Oidhche Mairt na h-Inide déanann bean a tighe cacaí-fríochtáin agus bíonn féasta
    mór ag an líon-tíghe.
    An Inid. Bíonn alán daoine pósta ins an gceanntar seo ar feadh na
    h-Inide.
    Lá Fhéile Pádhraic. Caitheann gach duine an t-seamróg La Fhéile Padhraic, agus caitheann cuid de na daoine an cláirseach freisin. Cuireann cuid de na daoine an t-seamróg go dtí a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge