Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0025
- XML “Mac is Fiche”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'fhan siad annsin. Is gearr go bhfaca siad na dearbhratháireacha ag tigheacht ag an gcros-bhothar. Bhí cuid de'n na dearbhrathaireacha gléasta go maith agus cuid eile ní raibh snáith de na seacht n-éadaig ortha. Chuaidh an mac is sine go dtí iad agus chuir fáilte rómpa agus d'innis dóibh gach ar thárla ó d'fhág siad a chéile i bhfad roimhe sin.
Dubhairt an fear uasal leis an mac is sine an sgór eile a thabhairt leis go dthí an teach agus iad a bheith mar searbhóntaí aca. Thug sé leis iad agus bhí siad mar searbhóntaí aige. Gach oidhce thagadh an mac is fiche lé chéile agus oidhche amháin chonnaic siad an fear siubhail ins an gclúid. D'iarr siad don mhach is sine cé hé féin. Dubhairt siad leis labhairt leis. Tharraing an mac is sine a chathaoir in aice leis agus thosaigh dhá cheistniú. Thosaigh an (m) sean-fhear ag innseacht a sgéal. "Bhí mac is fiche clainne agamsa" ar seisean "agus dimthigh siad uair amháin go Conndae an Chláir ag bualadh báire. Dubhairt mise leo muna mbeidís ar ais an lá a bhí ceapaighthe agam go marbóchainn iad". "Níor tháinig siad go dtí mé chor ar bith agus cailleadh a máthair cúpla mí na dhiaidh sin lé briseadh croidhe". Bhí an mac is fiche ag caochadh súl ar a chéile agus dubhairt leis gurb iad féin a chlann mhac. Annsin d'fáiltigh siad roimhe agus choinnigh siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Scannláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. Galway