Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. Galway
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0246
  3. XML “An Ceannaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí ceannaidhe fadó ann agus bhí asal agus carr aige. Ní stopadh sé i gcomhnaidhe acht ag bailiú raigeannaí is gach a bhfuigheadh sé orra ól. Bhí sé ag imtheacht oidhche amháin is an carr aige is é as a chiall lé na raibh ólta aige. As an deireadh thuit sé na chodhladh agus níor stop an t-asal go deó gur sheas sé an áit a raibh gual dá bhaint. D'airigh an dream a bhí ag baint an ghuail an t-asal taobh amuigh is chuaidh siad amach go dtí é. Fuaireadar an fear san gcarr is thug siad isteach é. Chúartaigh siad é is fuair siad cárt fuisge is seacht agus sé pighine 'na phóca, acht má 'seadh níor thugadar leó é. Nuair a bhí sé toruighthe dhúisigh sé "Óra cá bhfuil mé?" adeir sé.
    "Tá tú in ifrionn" adeir siad.
    "A' leigfear as mé?" "Ní leigfear' adeir fear aca, "mara bhfuil cárt fuisge agat is seacht agus sé pighine.'
    Thosuigh sé a' cúartú. Ba ghearr gur chas an cárt fuisge leis. Thosuigh sé a cúartú ní b'fhearr is chas an seacht agus sé pinghine leis. Thug sé dóibh annsin agus sgaoileadar bóthar leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Cearra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Ó Cearra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    An Lochán Beag, Co. Galway