Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Na hAille, Co. Galway
- Múinteoir: M. Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0557
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach doras tighe a fir pósta bíonn bean ag an doras agus cáca pósta in-a láimh agus briseann sí an cáca ar mhullach na mná óige.
Nuair is maith le fear pósadh cuireann sé duine éigin chuig an teach a mbíonn an cailín ann le pósadh agus déanann siad cleamhneas le fear a' tighe. Bíonn na daoine a thagann ag iarraidh cleamhnais a dhéanamh ag iarraidh go leór airgid ar fhear a' tighe. Fíor chorr-uair a thugtar airgead mar spré. Má bhíonn an t-athair agus an chuid eile do'n líon tighe sásta an cailín a thabhairt do'n fhear a bhíos dhá h-iarraidh cuirtear sgéala chuige go mbíonn siad sásta. Faoi cheann cúpla lá ina dhiaidh sin pósadh an bheirt aca.
Bhíodh bainis mhór aca agus thugadh siad cuireadh do go leór a dhul ag an mbainis lár-na-bháireach.- Bailitheoir
- Colm Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cnoc, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Conghaile
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cnoc, Co. Galway