Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. Galway
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0163

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0163

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0163
  3. XML “Daoine Cáiliúla san Áit seo agus Eachtraí a Bhaineas leo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ciánradharcán aige agus chonnaic sé ag tigheacht isteach iad ibhfad uaidh agus ní i ngar dhó agus ní raibh siad i bhfad ag teacht isteach.
    Rinne siad 4 1/2 míle i n-uair gho leith i n-aghaidh stoirm gaoithe.
    Muinntir na Trágha Báine an dream a b'fhearr thart ar na costaí uilig ag rámhaidheacht. Bhí geáll uile freisin bhí capaillín ag an ministéara Máirtín Géagáin agus Páidín Nóra Mhór agus Pádraic Géagáin a ghnothaigh í Máirtín Sheághain Thaidhg Bairthle Ó Máille as Indreabhán agus Pádraic Ó Domhnaill as an mBánrain an triúr spealadóirí a b'fhearr. Tá siad beo fós agus tá siad ag baint fhéir fós.
    Bhain Máirtín Sheághain Thaidhg 35 cd féir i n-aon lá amháin againn fhéin acht b'éigin dúinn é tharraingt uaidh. In a ceathramhnaí abhaineadh Máirtín agus Padhraic é acht ní raibh a fhios ag Bearthlí le é do bhaint ar an gcaoi sin. Bhain Máirtín (agus Peadairín Pheadar) 3 cd féir le aon géarú amháin. Comórtas idir Máirtín agus Peadairín Pheadair bhain Peadairín Pheadair in dhá lá garraidhe féir agus bliadhain ó'n lá sin bhain Máirtín é 35 cd féir abhí ann.
    Pádraic Ó h-Eidhin uncail Sheáin Ó h-Eidhin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghréad Ní Cualáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Chualáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    93
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Cualáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. Galway