Scoil: Baile Conghaile
- Suíomh:
- Ballyconneely, Co. Galway
- Múinteoir: T. A. Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Conghaile
- XML Leathanach 090
- XML “Pisreoga Áitiúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus gan aoinne eile san teach ach an páiste cuireann sí an tlú ar an gcliabhán nó leabadh mar a mbíonn an páiste.
6. Nuair a bhíonn bean ag iomchur páiste ina broinn (roimh breith) deirtear gur ceart di féin cuid d'éadaigh an athar a chaith uirrí fein.
7. Tá creideamh mór ag na daoinní san 'slanndas' (slannlus = herb)- Cuirtear é san bpróca uisge (crock)- ní mór duilleoga a fhághail gan aon pholl ionnta.
Seo mar a cuireadh tús leis-
Fear a bhí ann fadó agus chonnaic sé easóg agus franncach ag troid. Bhí ag éirighe go maith leis an bhfranncach agus ba bheag nach raibh an easóg tachtuidhthe aige. Tháinig an fear i gcabhair ar an easóig agus mhairbh sé an franncach ach bhain an franncach greim as roimhe sin. Bhí pian mhór aige ach tréis cúpla lá tháinig an easóg agus d'fhág sí an slanndas ag an dorus agus chuir sé sin biseach air.
8. Má bhíonn an easóg ag goid na sicín agus má ghlaoidheann tú 'beainnín uasal' uirrí-deirtear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- T. A. Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)