Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. Galway
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgríopfadh siadh an fataí dé agus bheít sé mar aon cáca ar bith act ní bheit blas deas air. Is é an sórt tuirne a bhíod acu ceap amaidh agus ceithre cois faoi rota, agus fearsadh agus sreang le h-adag breidín. Annsin bíonn tuirne eile acu agus tughann siadh an tuirne líon air. Bíonn siad ag sníom leor leis sé an sort rudh é an lion braithlinní a bhíodh acu. Nuair a bíod siadh ag sniomh an líon bíod orann acu agus seo é an t-orann.
Mó bean is mo clann is mó thuirne líon
Is mo dhá phuinntin ola go deo le sníomh
Dhá lá na luighe = Naoi la na suidhe
Is gá dtóghfaid Dia dilis an curam díom
Dhá gcaitheann Eire dhó shiubhail le mo clann
Gabhfainn í gClocar gó ceann thrí mí
Nuair a airigheann sí mise ag teacht cun a tighe
Fadhuigheann sí an teine mhór mhóna síos
Is sgaoileann siadh an lion ar fudh an tige
Is nach cumha sa gceo ce iocfas an chíos
Nuair a bheas an t-airghead caiththe
Bé Pionsan an Caillighe le nioch
Is coinneochaidh muidh theach gan
bhuidheachas den t-saogal.- Faisnéiseoir
- Máighreadh Seóige Phádhraich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tamhnach Mhór, Co. Galway